School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 185
- XML “Currach an Óir”
- XML “Casán faoi Uisce”
- XML “Ráth Morgán”
- XML “Cnoc an Logha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é. Tamall 'na dhiaidh tháinic sé leis an t-airgead a fhághail. Chuartuigh sé an áit ar fad acht ní bhfuair sé é. Níor tugadh ar an áit sin acht Currach-an-Óir.
- Ó bhruach an locha amach go ceann de na h-oileánaibh. Fadó rinneadh bealach cam de chlochaibh. Nuair a thagadh an námhd ar mhuintir an bhaile d'fhéadadar imtheacht amach san oileán mar bhí eolas an chasáin seo aca. Bhí sé le feiceál ag tóin an locha tríd an uisge. Duine are bith a chaillfeadh a bhealach ar an gcasán seo bhéadh se báidhte mar tá an tuisge ann-doimhin san áit.
- Timcheall dhá mhíle ó'n áit seo tá Rath Morgan. Seo é an áit ar thárla an "Taín Bó Flogis". Is dóigh gur b'iad laochra na Craoibhe Ruaidhe a thainig ar lorg na mbó agus go dtugadar leo iad chomh fada le "Baile Comhraic" - ( timcheall ceithre mhíle ar an taobh thoir de Bheanchor) Thárla troid mhór annseo. Bhí fathach san áit agus mharbhuigh sé an laoch deiridh - Feargus Mac Ríogh - de laochraidh na Craoibhe Ruaidhe.
- Cnoc a LoghaÁit gur mór le rádh é le craibhcheacht sa t-sean aimsir. Bhí fothrach(continues on next page)