School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 203
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé an cuimhne is mo atá ag na sean daoine ná an biadh. Bhíodh dhá chloich i-n cuid do na tighthe. Cruinnigheadh na comharsanna go dtí na tighthe sin, dhénadh siad an mhin. Tá an coirce brúighte idir na clochaí agus annsin tá sé cáidhte leis an salachar a bhainnt as. Cístí mine coirce agus uibheacha agus im a bhí aca le n-ithe agus bhí cead aca iasg a cheapadh san abhainn. Tá dhá cheann de na clochaí sin i dteach Éamon Ó Cearáin go fóill. Bhí muilleann i n-úsáid i gCluaintecille. Bhí beagáin fataí aca. Ní bhfuair siad min ná fataí i n-aisge. Éadach olna a bhí ag na daoine le chuir ortha. Bhí duine i ngach baile leis an éadach a dhéanamh. Ní raibh brógaí aca le chuir ortha. Bhí brógaí ruibéir á gcaitheamh ag na fir. Ní rabhadar le fághail níos giorra ná Béal-Átha-an-Fheadha. Nuair a bhéadh culaith éadaigh ag teastáil ó fear thagadh an táilliúir chuig a theach agus fanadh sé annsin go mbéadh an culaith déanta aige. Gheobhadh sé biadh agus lóistín i n-aisce(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Fhlannaidhle
- Gender
- Female