School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 417
- XML “An Bheirt Dearthár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beart dearbráthar i gConnacht fadó. Fuair a máthair bás nuair a bhí siad an óg agus phós a h-athair airís. Bhí an leas-mháthair an-chruaidh ortha.Níor thaithnig an scoil leis an mbeirt agus i n-ionad dul ar scoil théíghidís isteach i gcoill mhór a bhí i n-aice a dtighe. Bhailighidís maidí annso le h-aghaidh na teine. Nuair a thagaidís abhaile tráthnóna ní bhiodh aca acht cúpla fata le n-ithe agus deoch bhainne géar - agus isteach a chodladh.Aon lá amháin chonnaich siad éinín deas sa gcoill. Rith siad i ndiaidh an éin chun é a cheapadh acht mo lean níorbh fhéídir leo teacht suas leis an éan an lá so. Abhaile leo annsan agus gan aon mhaide teine aca. Tháinig fearg ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí iad gan na maidí, agus bhuail sí iad.An mhaidin i n-a dhiaidh sin d'imthigheadar go dí an gcoill an-mhoch. Chonnaic siad an t-éan airís. Rith ceann aca i n-diaidh an éin agus d'imthigh an fear eile ag piocadh na maidí teine. Do theip ortha airís an t-éan a cheapadh.An tríomhadh lá chuaidh siad go dtí an gcoill airís agus chonnaic siad an t-éinín airís. D'imthigh ceann aca i n-diaidh an éin agus chuaidh an fear eile ag piocadh na maidí teine. Fé chionn tamaill(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Paidín
- Gender
- Male