School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 445

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 445

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 445
  3. XML “Ceathrar Fear Saibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar maidin ghaibh fear an treó agus fuair sé an fear bocht marbh le h-ais an chlaidhe.
    Chuala an triúr eile an scéal agus annsan roinn siad an t-ór ar a chéíle. Bhíodar an-t-saidhbhir anois agus is mór an gliondar croidhe a bhí orra.
    Tamall geárr i n-a dhiaidh sin chuaidh siad ag cuartaigheacht. D'fhan siad amuigh go dtí go raibh sé deireannach san oidhche. Nuair a tháínigh siad abhaile bhí gach pighinn dá raibh aca goidithe uatha. Chuardaigh siad 'chuile áit do agus is dubhach brónach a bhíodar nuair nár bh'fhéídir leo é a fhágháil i n-aon ar bith. Ní raibh dada le déanamh aca anois acht imtheacht ag lorg a ndéirce ar fud an tsaoghail.
    D'imthigheadar leó ag siubhal rómpa. Chaithsiad cúpla bliadhan mar sin ag imtheacht ó áit go h-áit is ó Chondae go Condae. Oidhche amháin amhthach bhíodar ag taisteal tre bhóthar aimréid agus tháinig stoirm - a leithéid ná raibh riamh roimhe sin sa tír. Cailleadh an triúr aca an oidhche sin ar thaoibh an bhóthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Paidín
    Gender
    Male