School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 455
- XML “Tomhaiseacháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Cad is aoirde ná an cnoch - an fraoch
2. Cad is buaine ná an mhóin - an luaithreach
3. Cad a théigeann as so go Baile-Átha-Cliath gan ghluaiseacht? - Bóthar Iarainn
4. Cad nac féidir a líonadh d'uisce? Criathar
5. Bó bhreac bhán ag dul anonn an tráigh. Dlaoigh 'na diaidh is í go dúr - an sruth
6. Teach mór mór é, coinnleóir óir é, tomhais an teach é is ná leis thart é - coinnleóir seaca
7. Teachtairín ó theach go teach is bíonn sé amuigh san oidhche - casán.
8. Bíonn sé thoir agus bíonn sé thiar agus bíonn sé i ngairdín Baile Átha Cliath. Téigheann sé anonn go tír na long agus tigheann anall airíst ar ais - ceó.
9. Tá sé ann ó thús an saoghail agus níl sé ráithe d'aois - an ghealach.
10. Ní fuil is ní feoil é is ní cnámh é. As fuil agus feóil a d'fhás sé. Bainn an ceann de is déanfaidh sé réidhteach idir dhá náimhaidh. Cleite-Peann
11. Molt mór dubh teann istigh dhá gleann nuair a bhogann an molt mór dubh teann bogann an dá ghleann - Asal aus Párdóga
12. Caileach sa chlúid, bíor 'na súil is í ag útamáil - Túirne(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ó Maoldomhnaigh
- Gender
- Female