School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)muinéail air agus chraith é. Tharraing sé leis é go dtí carraig mhór go gcuirfeadh sé faoi é. Nuair a thóg sé suas an charraig céard a bheidh faoi ach. Thóg sé an pota agus chuir sé síos an mó-ádh agus chuir sé cloch air. Annsan thosuigh ag líonadh a phóca leis an ór. An méid nach b'féidir leis a chur i n-a phóca chuir sé i bhfolach é.
D'imthigh sé leis annsan go dtí an mbaile mór an áit a raibh an t-aonach. Nuair chuaidh sé suas an sráid chonnaic sé ba breághtha le díos agus chrom sé ar bheiceadh chómh árd agus a b'fhéidir leis "Cé atá á ndíos so?" Cé mhéid atá ortha?" Ba leis an dearbháthair saidhbhir iad agus nuair a chonnaic se Seán ag béiceadh shibhal sé suas chuige agus ar sé "Cá thug annso thusa ach chomh beag marach go bhfuil aithne agam ort chuirfinn an phríosúin tú". Bíodh ciall" arsa Seán "Dearc ar seo" ag tarraingt lán na cruaiche d'ór as a phóca. Nuair a chonnaic an fear saidhbhir é seo tháining iongnadh air agus dubhairt le Seán go mbeadh na ba aige agus fáilte.
Rinneadar margadh agus díol Seán as na ba. Thug an dearbáthair(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Corcoráin
- Gender
- Male