School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 55

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 55

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 55
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbéadh gaoth ann.
    Dá mbéád na h-éanlaithe ag eitilt go h-íseal go mbéad aimsear olc le teacht. Dá mbéad na faoilinn ag screadarnach agus alan acu le chéíle go mbéad gaoth le teacht, comhartha eile - nuair a bhíonns gaoth le teacht bíonn an cat ag sgríobhadh adhmaid. Nuair a bhíonns an cat ag cur a chos os comhair a chluais bíonn fearthainn air. Nuair a bhíonns na préacháin agus na faoilinn ag teacht isteach ó'n bhfairrge bíónn aimsear maith le teacht.
    Comartha eile i gcóír stoirm 'seadh an céó ag imteacht le gaoth. Nuair a bhíonns ceó ar na h-aibneacha agus ar na locaí san tráthnóna deirtear go mbéad aimsear maith le teacht. Deirtear freisin go mbíonn fearthainn ag teacht nuair a bhíonn an simne ag puffáil.
    Nuair a bhíonns fáinne mór thart ar an ngeallach, agus nuair a bhíonns sé ag rith san spéir, tá fearthainn air. Nuair a bhíonns alan sgamaill san spéir, agus iad go han dubh, sin comhartha maith d'fhearthainne. Nuair a bhíonns an ghaoith an-fuair, agus nuair a bhíonns feadghaile leis, bíonn feartainn air. Bhíonn fuacht ana-mhór leis an gaoith adtuaidh thart annseo, agus ins an ngeimhreadh bíonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish