School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 56
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sneachtadh againn beagnach i gcómhnaidhe leis an ghaoith adthuaidh bíonn alan reálta ins an spéir nuair a bhíonns leac-oidre ann.
    Nuair a bhíonns an deatach ag dul suas an simne go díreach bíonn aimsear maith air. Nuair a bhíonns na cuilleóga agus na beacha ag eitilt thart ins an speír, sin comhartha maith fearthaine.
    Má bhíonn an ghealach beag agus go tanaidhe béidh droch-aimsear againn. Má bhíonn na reálta ag spreacharnach go geall, bíonn aimsear breágh tirm le teacht, agus má bhíonn sgamaill sa taobh ó thuaidh ar maidin, bíonn sioc air. Má bhíonn na beacha ag crónán, deirtear go mbéadh teas mór ó'n ngréin.
    Má thaithneamhann an ghrian go moch ar maidin, béidh sé ag cur fearthainne sul a mbead an lá thart. Nuair a bhíonns ceo thart ar an ngealach, tá droch-aimsear air. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir sin comhartha maith fearthaine. Nuair a bhíonn ceo bán ar na cnocaibh ar maidín sin comhartha fearthaine.
    Nuair a bhíonns lásaibh gorm ins an teinesin comhartha i gcomhair báisteach. Nuair a bhíonns an ghaoith ag cur an deatach síos an simne, tá droch-aimsear le teacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish