School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comharthaí Aimsire
An cat agus a dhroim leis an tine is é sin comhartha droch aimsire
Nuair a sgríobann an cat cos an bhuird is comhartha gaoithe é
Nuair a bháilíonn a lán préacán le céile in áit amháin is comhartha aimsire maithe é sin
Nuair a shamhlaítear go mbíonn na cnoic níos giorra dúinn ná mar is gnáth is é sin comhartha fearthainne
An capall agus a dhroim leis an gclaí sin comhartha fearthainne.
An tsúgha ag titim sin comhartha fearthainne
An coileach ag glaoch sin comhartha báis tighe
An ceó ag teacht thar na sléibhte sin comhartha báistí
An ceó ag teacht ón bhfarraige sin comhartha aimsire maithe(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Mhainnín
- Gender
- Female
- Address
- Sralagagh East, Co. Mayo