School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
![The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 304](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0140%2FCBES_0140_304.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 304
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Nuair a bhí an capall ceangailte agam chonnaic mé na céadta féar beag thart orm. Labhair an ceannphort liom - "Caithfidh tú teacht linn anocht" ar seisean ag bualadh báire inaghaidh sluaigh sidhe i gCo. Shligigh. Tá Marcus Ó Beirn eile in a chúl báire ag Co. Shligigh" ar seisean. "Má ghnóthuigheann muinntear Shligigh béidh na fataí imbliadna i gCo. Shligigh i mó ghnóthuigheann sinn béidh na fataí i gCo. Mhuigheo." Arsa mise "má thig liom ní leigfidh mé na fataí as Co. Mhuigheo." "Buachaill maith tú" ar seisean "Bhí a fhios agam nach orainn". Annsin rinne sé capall as gach uile gasán fraoich agus as go bráth liom féin chomh maith le
ceachtar aca amach thar Dún Pádraig le céad míle amach 'san bhfairrge. Bhí sluagh sidhe Conndae Shligigh annsin romhainn. Annsin thosuigh an cluiche ó Chuan an Fhóid Dhuibh go Ceann an t-Searraigh i gCo. Sligigh. Bhí mise im chúl báire ag(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo