School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- XML Page 307
- XML “Scéal - Cailleach Chúige Uladh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thosuigh sé ag spealadóireacht in Ainm Dé agus lean an chailleach é. Nuair a bhí siad ag baint le tamall maith. "Tuige nach gcuireann tú suas faobhar" ars an chailleach, " Faobhar a bhaineas féar ar sise. "Ní h-eadh a chailleach acht fear láidir agus speal géar" ar seisean.
Cibé rud a dhéanfadh sé bhí sí ag tearnadh leis. Nuair a bhí sí ag teacht ingar dó chuir sé barr iarainn roimpi. Ghearr sí treasna é leis an speil. Leis an sgéal fada a dhéanamh gearr rinne sí an rud céadna le naoi gcinn aca acht bhris an naomhadh ceann an speal uirthi.
Níor bhain an cailleach úd aon greim féir ó'n lá sin go dti an lá ar cailleadh í agus ní raibh sin i bhfad. As sin amach tháinig fir Chonnachta an t-am a ghlacadh go réidh.- Informant
- Micheál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo