School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Caitiliceach agus Protastúnach ag ithe a mbeile ag aon bhord lá agus choisrigh an Caitiliceach é féin agus dubhairt se altughadh roimh beile, agus seo é an paidir a dubhairt sé -
Bail na gcúig arain agus an dá iasc
A Eoinn Dia ar na cúig míle fear
Rath an Rí ar an roinn a rinne Sé
Go dtigidh ar ár gcuid agus ar ár gcomharsan.
Is maith an paidir e sin ar san Protastúnach acht cé'n locht atá ar mo phaidir - se ar seisean -
Beannuigh é sin a Dhia
Beannuigh ár mbiadh agus ár ndeoch
Ó cheannuigh tú sinn go daor
Go saoruighidh tú sinn ó chuile olc
Sin paidir maith arsan Caitiliceach.(continues on next page)- Collector
- Bríd Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo