School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile. Treabhann na feirmeóirí an talamh, fuirseann siad é le cliatha, rómharann siad le ceachta é agus déantar iomairí de. Annsin saithear na sgoileáim ann, agus cuirtear leis aoileac nó leas siopa ortha.
Ní dhéantar usáid de'n cheachta adhmaid ins an aimsir seo acht ceachta iarainn. Timcheall ceithre agór bliadhain ó shoin d'usáideadh ceachta adhmaid. Rinne an gabha na rámainní fadó ceannuightear sa siopa anois iad. Bheirtear na fataí isteach ó'n mhusóig agus cuirtear iad sin sgioból. Cuirtear sgoileáin isteach i mála agus fágtar na luigheáin sgaipthe ar an urlár.
I gceann cúpla lá cuirtear na sgoileáin sa talamh. Annsin cuirtear marblán ar na fataí. Cabhruigheann na comharsanaí le na chéile ag cur na fataí.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chonmara
- Gender
- Female
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo