School: Baile Mhic Airt, An Rinn

Location:
Ballymacart, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 24

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 24

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Page 24
  3. XML “Cill Cholmáin”
  4. XML “Átháin”
  5. XML “Goirtín”
  6. XML “Ruisíní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cill Colmáin
    Tá Sean fhotrach Cill Colmáin le feiscint indiú ar thalamh Séamus Uí Maonaigh. Tá sé timpeall 2 míle ó dheas ó Scoil Baile Mhic Airt. Bhí reilig ann fadó agus Cill a tugadh air. Bhí crann i lár na reilige agus is ann sann timcheall an crainn a cuireadh páistí gan baisteadh. Aon áit a bhfuil Cill mar ainm air, caitheadh reilig a bheith ann uair éigin. Bhí tobar beannuighthe ann agus bíodh daoine ag tabhairt turas ar an áit.
    Deirtear go raibh fear i Ráth Lead agus chuaidh sé ag gearradh an crainn i lár na reilige i gCill Colmáin. Chun na teine. Nuair a bhí sé thuas ar an gcrann chonaic sé a thig féin tré theine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (continued from previous page)
    Átháin nó an Ath Bheag.
    Cloc Átháin. Tá cloc mór ard ag seasamh ar árd an t-sléibhe annsan. Is féidir an cloc d'fheiscint na mílte slighe timpeall ar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (continued from previous page)
    Ruisíní nó coillte beaga.
    Tá ruisín (mar a deirean na daoine) suidhte ins an t-Seanpobail leis. Talamh sléibhteach atá fé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.