School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 016
- XML “Caoineadh Eile”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige dóibh cun é roinnt ar an ceathrar fear agus bhíodar go léir an-compórdamhail nuair a bhí mise a bhfágaint pé sgéal é.
(no title)
“Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.”
Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.
Bhí mé ag déanamh amach ar Crosaire Cadhla agus dorchuigh sé suas sa t-slí go raibh sé comh dubh le tón an phúca ní fheadar mé cá rabhas agus ní fheadar mé cá ragainn.
Chonaic mé solus timpeall mór ó bhaile agus dhein mé ar an solus. Nuair a chuaidh mé isteach bhí fear á thorramh ann. Bhí triúir nó ceathrar daoine ann. Nuair a bhí mo phaidreacha ráidthe agam d'imíodar san abhaile. Ní raibh aoinneach ann ansan ach mé féin agus bean an tighe. I gceann a bhfad anonn tháinigh stollaire mór fir isteach agus bhuail sé suas sa seomra. I gceann tamaill chuir bean an tighe cáirt bainne síos á theidheamh agus thug dom le n-ól é.
"Fan ansan" arsa sí "go mbeidh sé ina lá"
D'imigh sí suas sa seomra agus d'fhág ansan mé. I gceann tamaill eile chonaic mé an fear a bhí á thorramh ag éirí aniar. Bhí mé chun scréach a chur asam nuair a chonaic mé é le neart eagla. "Ná tagadh aon scath ort a dheirbsúir" arsa sé. "tá sé agam sa deire".(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Bhruadar
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Age
- c. 60
- Address
- Crossford, Co. Waterford