School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 050
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhítí ag beiriú feola, feoil gabhair gus caorach ar an bPatrún fadó, sin Lá le Déaglán an 24adh lá Mí Iúil. Bhí búistéir ar an Patrún lá nach nuair a rug sé ar an gabhair chun é marbhú. Sháidh sé an gabhair chun a chuid feola a thabhairt nach ní raibh an pioc fola ag teacht. Sháidh sé an tarna babhta é agus an tríú babhta, ní fheadar sé cad a bhí ag imirt air nó dé cúis ná raibh an fuil ag teacht. Bhí na céadta daoine ag féachaint air. Dúirt sé leo ná faigheadh sé an gabhar a mharbhú agus go gcaithfeadh sé í scaoileadh. Bhí gach aon scréach ag an ngabhair.
Dúirt duine éigint a bhí leath is muigh nó raibh aon fhaghail aige í mharbhú go raibh ortha na fola innte. Do labhair an búistéir leis an gcruinniú agus d'iarr ar an duine a dhein an dioghbháil an gabhar a sheoladh nó go gcuirfeadh sé an lá ina choinne agus dá ndéanfadh go dtabharfadh sé adúirt le n-ól do. Scaoil an fear ansan ar ortha agus d'imigh an fuil go léir as an gabhair. Glaodhaigh an búistéir ansan air agus d'óladar a dhóthaint.- Informant
- Deaglán Ó Loinnsigh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- c. 55
- Address
- Curragh, Co. Waterford