School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 034
- XML “Piseoga”
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dheineadar leis?" adúirt sé. "Dúirt mé leo é cur i bpoll amuigh sa gháirdín" arsa sé.
"Níorbé sin an ceart a dhéanamh leis" adúirt sé "nach é tabahirt isteach agus é chur ar cúl na tine".
"Níl sé ró-deideanach fós" arsa an feirmeoir.
Tháinigh sé amach agus dúirt linn ceann an laoigh a thógaint amach agus é caitheamh ar cúl na tine. Luigheamar ag oscailt an poill arís. Bhí poll mór déanta againn a gcuirimís bó síos ann nach ní raibh aon phisc den ceann le fághailt againn, dá d'fhanfaimís ag reabadh ó shoin ní bhfaighimís é. - Bhí fear bocht ann fadó agus ní raibh sa saol aige ach a sáilín beag.Bhíodh an fear bocht ag obair ar feadh an lae agus gach oíche théigheadh sé ag soláthar don asal. Bhí feirmeoir ina chónaí in aice leis agus oíche amháin chuaidh sé isteach i bpáirc aitinn leis an bhfeirmeoir chun beart a ghearradh. Bhí an beart ar a dhrom aige ag teacht nuair a rug an feirmeoir air agus chuir sé d'fiachaibh air an beart a chaitheamhuaidh. Sé dúirt an fear leis ná -
"D'imigh i dtiochfaidh agus a dtáinigh riamh
Nach ní imeóchaidh na grásta ó Dhia
Imóir-se is mise ar an áit seo
Agus beidh aiteann ag fás ina dhiaidh".- Informant
- Micheál Ó Bruadar
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Crossford, Co. Waterford