School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rugadh Petticoat Loose i gCoilligeáin. Ó hAnnagan an ainm a bhí uirthi. Bhiodh sí ag rinnce agus oíche anháin thuit a cóta di agus sin é an cúis ar tugadh Petticoat Loose uirthi.
Bhí buachaill aimsire ag obair sa tigh aici agus dhein sí suas leis an mbuachall. Cuimhníodar ar seift chun an fear a bhí pósta leí do báthadh.
Lá amháin bhí tuillte san abhainn agus d'fhiafraigh an buachall ar fear an tighe dul síos go dtí an abhainn leis, mar go raibh bradán an-mhór ann. Chuaidh fear an tighe leis.
Bhí sprong ag an mbuachaill chun teacht ar an bradán, mar dheadh. Siúl fear an tighe ar bruach na habhainn, tháinigh an buachall taobh thiar de agus caith sé isteach san abhainn é leis an sprong. Do stad carraig a bhí san abhainn é is bhí sé ag béicigh ar a dhícheall. Bhí an buachaill ag iarraidh é do chur amach arís. Tháinigh fear eile leo agus caith sé an(continues on next page)- Collector
- Brigid Ní Dúnúrthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Ballynakill, Co. Waterford
- Informant
- Máire Tóibín
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Colligan Beg, Co. Waterford