Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal Cloch-Labhrais
Tá cloch mór ‘na dhá leath sé nó seacht míle ón áit seo. I bparóiste an tSraidbhaile atá sé. Cloch Labhrais a tugtar air mar do labhair sé le duine uair fadó, fadó.
Bhí beirt mná ‘na seasamh i n-aice le Cloch Labhrais uair agus bhíodar ag argóint i dtaobh rud éigint. Bhí an fhirinne ag ceann acu, agus an t-éitheach ag an duine eile. Ní raibh aon réiteach le fághail do’n gceist. Dubhairt duine aca go labharfaidís le Cloch Labhrais chun an ceist do shocrú.
Do thosnuigh an bhean go raibh an t-éitheach dá insint aici ar an sgéal. “Go scoiltfidh an cloch seo,” arsa sí, “muna bhfuil an fhírinne dá insint agamsa.” Do scoilt an cloch ‘na dhá leat ar an nóimint agus do labhair sé, leis. “Bíonn an fhírinne searbh,” arsan Cloch Labhrais ag preabadh. Nach oireamnach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Scealton
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 13
- Seoladh
- Ballynamult, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Knockboy, Co. Waterford