Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Múinteoir: Tomás de Bhál
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 236](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0646%2FCBES_0646_236.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 236
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 236
- XML “An Sprid a Chonaic Liam Ó Floinn i nGleann an Mhadra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timpeall seasca bliain í shoin bhí fear ó Scairt ag obair sa Chomairigh. Liam Ó Flionn an ainm a bhí air. An oíche seo bhí sé ag imirt cártaí agus bhuail sé trí cinn de chlog.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí mean-oíche ann. Chuir sé na coiligh ar a ghualainn. Bhíodar an-throm agus nuair tháinigh sé go dtí Bearna Mhadra shuí sé síos agus d'fhéach sé mór-thimpeall air. Bhí an oíche geal. Ba ghairid gur thosnaigh na coiligh ag glaoch agus chonaic sé fear ag teacht anuas an chasán céanna chuige. Bhí cóta mór air agus bhí hata dubh air.
Shíl Liam gur Seán Ó Néill, ceann des na comharsan a bhí ann agus labhair sé "An tú Seán"? ach níor labhair an fear leis.
"An tú Seán Ó Néill"? arsa Liam arís. "Ní mé"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Freacair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Conaillaig
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Barracree, Co. Waterford