School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill breágh dathúil na chomhnaidhe im baile an bhaoghill fadó riamh.Ba béas leis éirighe go doith ar maidin gach domhnach agus duil go dtí an chéad aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan thugadh sé tamall de’n lá ag ádbheireacht ar fhaillteacha na fairrige.Domhnach áiridthe (áirithe) agus é ar barra faille mar sin, do chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dar luigh súil duine riamh uirthe. Bhí ceann breágh fionn-ruadh gruaige uirthe go raibh scáil an óir ins gach dlaoí dí, agus í ag sileadh síos léi go talamh. A cíoradh a cinn fe-n ngriana bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óigh-fhear chérbh í ná carbh as í, mar ‘sé a drom a bhí leis; agus in a fochair bhí brat draoidheachta timcheall uirthe.Déin sé síos fe na déin, mar ba mhinic a chualaidh sé tracht ar murbhach agus nach fuláir nó gurb í bhí ann. D’éaluigh sé ar barraibh a chos laistiar dí agus sciobh sé an brat draoidheachta d’a slinneánáibh anuas.(continues on next page)
- Collector
- Micheál Scelton
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Labrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford