School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (roll number 4134)
- Location:
- Coolnasmear Lower, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán
- XML Page 305
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn
“Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí.”
Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí. Dubhairt an rí leis féin nuair a bheadh sé thuas ar an dtig go dtógadh sé an adhmaid a bhíodh fé agus annsan tuiteadh an Gobán Saor anuas. Annsan ní bheadh sé ábalta aon tig eile a dhéanamh comh deas le tigh an Rí.
Bhí fhios ag an Gobán Saor ar an rud sin. Dubhairt sé go raibh rud éigin ó a bhean agus do chuaidh an Rí chun é dfhághail. An fhaid is a bhí sé imthighthe tháinigh an Gobán Saor anuas. Dúbhairt an bhean leis an Rí a cheann do chuir isteach san mbosca mór a bhí sa tig. Do chuir sé. Annsan dhún sí an clúdach. Dhein an Rí geallúint ná dhéanfadh sé aon rud don Gobán Saor.- Collector
- Pádraig Ó Dúnfúrtaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Knockanpower Lower, Co. Waterford