School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (roll number 4134)
- Location:
- Coolnasmear Lower, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl na Sméar, Dúngarbhán
- XML Page 323
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do dóghadh tigh comhnuidhte le Éamonn de Briotac i gCnoc na Madraí.”
Do dóghadh tigh comhnuidhte le Éamonn de Briotac i gCnoc na Madraí. Ní raibh aithne ar an nduine do dóig é. Bhíodar an-bhocht an uair sin agus fuaireadar a lán airgid ar a shon. Sar a bhfuaireadar é b'éigean do Éamonn ainm aon namhaid a bhí aige a rádh. An namhad a dubhairt sé do bheadh Gearród Ó Dáltún.
Do bhí beirt fhear ag troid i gCaisleán na Sléibhe. tar éis an aonaigh. Bhí a lán doine ó gach áit ag féachaint ortha, buachaillí agus gan aon bróga ortha. An beirt a bhí ag troid do b'eadh Pádraig Ó Sheaghdha agus Mícheál Ó Connaill. Chuaidh Ó Sheaghdha amach sa pháirc agus dubhairt "Seo Sheaghdha". Tháinigh Chonaill agus dubhairt "Seo Seacht" ag tabhairt buille dó. Annsan thosnaigh an troid idir an bheirt. Fuair Mícheál Ó Chonnaill an buadha mar fear an-láidir do.- Informant
- Séamus Ó Deimhnis
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Knockanpower Lower, Co. Waterford