School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leighiseanna.Fadó bhí na sean-daoine ábalta cun leigis a deanamh do galair. Leigis don truic. Chuiridís an duine breoithe anall is anann fé asal agus na piosaí a thuitfeadh as a bheul iad a bhailiu agus iad a bheiriú i mbhainne agus an bainne do thabhairt don duine breoithe leigis do Dathaca. Na halt do chuimhilt le h-ola.
"An Fiabhras Dubh".
Bhí an galar so go dona san Chnoc Buidhe timceall 128 bliadhna ó shoin, agus bhí go leór ag fagháil bhais leis. Bhí sagart ó'n áit i gCeapach na bhFaoiteach, agus bhí sé ag faghail bháis. D'fhag sé le n-a uadhacht é thabhairt abhaile go dtí roilig an Chnuic Bhuidhe agus go ndíbréochadh sé an galar as an áit.
Thugadh abhaile é, ach pé dearmhad a rinnead chuireadh anuas ar dhuine eigínt eile é, in - áit é chur san áit cheart. Bhí muintir an duine éile ar buile mar gheall air, agus chuadar chun an coifín a thógaint ach ní bhainfeadh a raibh sa Chnoc Bhuidhe cor as an gcoifín agus b'éigean dóibh é d'fhágaint ann. Ní(continues on next page)- Collector
- Cáit Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Éilís Ní Chadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford