School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (roll number 16735)

Location:
Waterford, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Page 206
  3. XML “Tadhg Gaelach Súipeálach Gearra-gCeanrach”
  4. XML “Scéal an Mhadra Bhuí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar an ministéar. Ní raibh an ministéar sásta nó gur thosnaigh sé ag suathadh agus ag bogadh agus ag damnú creidimh a bagairt. Bhí árachas dian éigin eatortha ná fuighidís socrú i dtaobh maidin. D'fhiafraigh an ministir dé conus socróidís é agus dúirt sé go bhfágfadh sé fé ráiteachas an chéad duine a thiocfadh ortha.
    Ní dheaghadar ró-fhada nuair chonnaiceadar an fear ag teacht ortha go dtí cúpla céad ráinn dóibh. Cé bheadh ann ach Tadhg Gaelach agus de thuras an sagairt a vheith a' moladh Tadhg shíl an ministéar go raibh an bua aige féin.
    Rith sé i gcoinne Tadhg agus d'inis sé do Thadhg go raibh a leithéid sin de scéal cruaidhis i dtaobh creidimh idie é féin agus an sagart. D'fhiafraigh Tadhg den ministéar cén ainm a bhí air. Dúirt gurab ainm dó féin ministéar Póil.
    'Sé dúirt Tadhg :
    "Is bréagach iad Peadar is Pól
    Is bréagach é Rí Geal na Glóire 'tá ar Neamh
    Is bréagach é Rí Geal na Róimhe
    Más ag Ministéir Pól tá an cheart".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 'Sé an tslí beatha a bhí ag Tadhg ná scoltaidheacht pléireacht cainnte ag fuireacht oíche nó dhó in gach aon tig. An oíche seo ráinig chun daoine a bhí sprionnlaithe cráidhte ocrasmhail mí-adhmharach dlúth-mheathach mí-fhortúnach aingis dubh-chroíeach bád-thosach cam cnámhach gan croí ná misneach.
    Ráinig an lá roimhe sin go bhfuaireadar bó nua beirithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Muirgheasa
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Glenshask Beg, Co. Waterford