School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Núair a bí an buarach togtha lé na ceangal aige, buail an t-uan smitin air agus cuir aníos i lar an toighe é. Táinig Oisín aníos agus shuidh sé cois teineadh agus ars’ sé ní peata uan atá amh ca bith rud e. “Gabh síos” arsa an seanduine le Fionn Mac Cumhall agus ceangail an t-úan sin. Núair a bhí an buarach togtha ag Fionn buail an t-uan smitín air agus cuir níos fuide aníos an toighe é. Thainig Fionn aníos an toighe arais ag siudh sé ar a cataoir.
“Gabh síos” arsa an seanduine le Goll “agus ceangail an tuan sin. Cuaidh Goll síos acht ma cuaidh féin bhúail an túan smicín air i cuir aníos i lair an teineadh é.
Bhí puisín béag a rabh cuma an bais uirrí na luighe ag cois na teineadh agus arsa an seanduine leithe “gab síos agus ceangail an tuan. Cuaidh sí síos thog sí an buarach le’n a cruíb agus ceangail sí an tuan. Na dhiaid sin bí a suipear acu agus cuaidh síad a luighe.
Núair a bí síad tamall na luighe cuimigh Oisín ar an cailín og agus síl sé go rachadh sé ann comhradh leithe. Deirigh Oisín, thárraing air a ceirteaca, agus(continues on next page)- Collector
- Aindreas Ua Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Disert, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ua Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Disert, Co. Donegal