School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 101
- XML “Comhairle an Duine Aosta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a bhí ann go rabh cráthán de mhaoin a' t-saoghal aige. Bhí taobh tíre de thalamh aige, foirgneamh bréagh toighteach agus sparán fada airgid.
Tharraing sé ar bhean agus chuaidh sé i gcionn an t-saoghail mar rinne go leor diomaite de.
Nuair a bhí triúr mac aca fuair a bhean bás agus fágadh é fhéin agus na dílleachtaí fá'n mhuineál ar a chéile.
D'fhan sé 'ná mbun ar fad agus d'oibir sé go fíor daobhtha go rabh achan fear de'n triúr i n-innimh is a dhéanamh do fhéin. Annsin d'oibir siad-san go fíor dó-san agus a d'oibir seisean daobhtha.
Bhí an sean-duine bocht anois ag éirghe aosta agus cos amuigh agus cos istoigh 'san uaigh aige.
Dár leis na mic go rabh an t-am ag an athair tiomsa a dhéanamh, agus cibé a bhí daighthe do achan duine aca a thabhairt daobhtha agus cead a bheith aca a gconnlán fhéin. Rinne siad amach a gháil fhad leis an athair agus an cheist a chuir 'na lathair. Chuaidh siad fhad leis an athair agus d'innis siad an sgéal dó.
"Shílfeá," arsa'n t-athair, "gur mhaith libh sgabadh."
"Ba mhaith le achan fear againn," arsa siad-san "a gabhail ar a chonnlán fhéin".(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal