School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
![The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 102](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1038%2FCBES_1038_102.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 102
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 102
- XML “Comhairle an Duine Aosta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Sé mo chomhairle seo díobh fánacht mar atá sibh," ars an t-athair. Ach ní rabh gar ann, b'fhearr leobhtha-san é na toighthe agus an talamh agus an t-airgead a roinnt.
D'iarr sé ortha cliabh mónadh a thabhairt isteach chuige. Thug.
Chuir sé iomlán na mónadh ar an teinidh i gcuideachta a chéile. Shuidh na fir óga go bhfeicfeadh siad caidé a bhí faoi'n duilleóg ag an t-sean-duine.
Nuair a bhí an teinidh dearh bhí bladhairí ag dul 'nn gcreathach. Thug an sean-duine leis sluaisaid agus sgab sé an teine fríd an teach. I gceann cúíg bhomaite ní rabh a'n drithleóg beo inntí.
"Anois a chlann," ars an sean-duine, "nuair a bhí an teine sin i gcionn a chéile bhí sí ag deargadh go bréagh agus dá luathas agus sgabadh í chuaidh sí as. Sé na dalta agaibh-se é," ars an sean-duine, "nuair atá sibh ag déanamh gnáithe maithe níπ caill agaibh altughadh.
Sé mo chomhairle díobh fánacht i gceann a chéile nó má sgabann sibh éireochaidh dálta na teineadh dibh. Tiocfaidh mí-ráth oraibh i ngearr-aimsire. Tá saidhbhris mór i dtaiscidh in mo chuid talamhan-sa, agus ní'l cead agaibh-se é a chuartú ar dhóigh ar bith ach i ndóigh amháin,(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal