School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 108
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Grúagach a' Ghaire do rabh sgéal úr ar bith leis. Dubhairt Síogaidhe nach rabh. "Is fearr mise nó thú mar sin, " déir Grúagach, "or tá sgéal úr agam." Níl 'n oidhche ó tháinig mise annseo nar mhothaigh mé ceithre garaí ó cúairt na fathannaí agus anocht níor mhothuigh mé ach triúr.
    “Dá mbéadh dadaidh eile a’ tabhairt buadhartha duit”, deir Síogaidhe, “ní ar gairí me ar caointí bheithfeá a smaotughach”.
    Bhí biseach maith ins an bainne an oidhche sin ag na ba. Fuair Síogaidhe a shuipear annsin. Cárta leánna agus builbhín pinghinn agus croiceann an sean gearrain bán le luighe air.
    Ma ba lúaithe d’éirigh an lá cinnte ba lúaithe na sin d’éirigh grúagach a’ gaire. Bhuail sé buille trom cos ar Síogaidhe agus d’iarr sé air bheith amuigh le na chuid ba. D’éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bhricfeasta, agus d’inthigh sé le na chuid ba. Ní thearn sé ach an geata a fhosgladh agus iad a chuir isteach go páirc na fathannaí go díreach mar rinne sé an cead lá. Chuaidh sé fhéin suas I gcrann bréagh ubhalaí a bhí ann, agus thosaigh sé ag ithe an chuid a bfhearr aca agus a cathadh anuas an chuid eile fhad leis na ba. Níor bhfada a bhí go dtí gur mhothuigh sé toim da strocadh agus crainn da reabadh agus go dtáinig chuige fathach mór na gcúig gcinn, na gcúig muinéail agus na gcúig meall.
    “Ó, maise míle maire fan ortsa”. Síogaidhche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Informant
    Sean Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal