School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 116
- XML “Scéal Dhonnchaidh Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin a dtugadh siad Donncadh Mhór air. Bhí se an díoganta. Bhíodh sé ag an Áifreann achan Dómhnach. Bhí sé ag dul ‘un Áifreann Dómhnach amháin agus casadh fear air a dtugadh siad Gaduidhe an t-Sléibhe Ruaidhe air.
D’fhiafruigh Donncadh dó an mbíodh sé ag an Áifreann agus dubhairt seisean nach rabh sé ag an Áifreann a choidhche. D’fhiafruigh Donncadh do annsin goidé an cineal oibre bhíodh aige nuair nach dtéigheadh sé ‘un Áifreann. Dubhairt Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe leis go rabh a Athair agus a mhathair i g-clíabhan aige agus go rabh sé ag tabhairt aire daobhtha.
“Bháil”, ars Donncadh, “is fearr duit gleasadh ort’s a bheith liom”.
D’imthigh an bheirt leobhtha annsin go toigh an Phobail. Nuair a chuaidh siad isteach tháinig sgáile na gréine isteach ar an fhuinneóg. Chaith Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe a chóta mór ar an sgáile sin agus chonbuigh sé súas é. Thug an sagart fa dear gur chonnuigh an sgáile súas an chota agus chonnuigh sé a shúil ar Ghaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe.
An darna Dómhnach chúaid sé ‘un Áifreann arís le Donncadh Mór agus chaith sé a chota ar sgáile na gréine. Leig sí síos a iarraidh seo é. Chuaidh an sagart é fhéin a’ chainnt le Gaduidhe(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Maighreadh Ní Dhuibhir
- Gender
- Female
- Address
- Croagh, Co. Donegal
- Informant
- Padraig A Beirne
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Meenbog, Co. Donegal