School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 124
- XML “Dóchas na Caillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ins an áit seo fad ó shoin agus bhí sí iongantach cáibhtheach ann a h-óige. Ach deireadh na sean daoine I gcomhnuidhe, duine óg cráibhtheach gur sin adhbhar sean diabhal agus níl smid bhréige ann. Do réir mur bhí sise ag dul anonn I n-aois bhí sí ag éirigh cianach, corrach, colgach agus conafach. Bhí sí sáite as achan dhuine dá gcastaoi uirthí, ach níor thruaighe aon dhuine ach an créatúr fir a chuaidh ann a cleamhnas.
Ba é eisean a bhí thíos leis. Ní rabh teangaidh le tóghail aicí as. Bhí sí ag seinm agus ag síor-chainnt ó mhaidin go h-oidhche agus ó oidhche go maidin. Bhí an teangaidh a gabhail aicí mar béadh muillean gaoithe ann.
Bhí sí na measardhacht i dtacha le h-olc fhad agus bhí breach-slainte aicí, ach bhuail broidhteacht í fá dheireadh agus chuaidh sí ‘un diabhal glan annsin. Níor b’fhéidir seasamh léithe nuair a ghlac sí an chlaoidhteacht. Bhí an fear bocht tógtha ó lár aicí, agus chan sin amháin, ach bhí sé sgriosta aicí.
Bhí a sholathar saoghalta caithte léithe. Ní rabh aon áit thall nó i bhos dá gcualaidh sí doctúr nó liaigh a bheith nár cur sí garm ortha.
Thug achan fhear a chineal fhéin comhgaisí duithe ach ní rabh gár ann. Níorbh b’fhéidir a cur ar a bonnaí. Dá mbíodh sí na duine mhaith(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Seán a Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal