School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 123
- XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá thar na mharach chuaidh an leas-mhathair chuig an fhéasta arais agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mhathair agus d’iarr sí ar an Colman a bhí ar bharr an chrainn culaith eaduigh agus péire bróga a chaiteadh anuas chuicí. Chaith an Cholman chuicí culaith de síoda gheal agus bróga a rabh dat airgead ortha.
Nigh sí agus ghlan sí agus choirigh sí í fhéin agus d’imthigh léithe chuig an fheasta ach níor luaithe a tháinig sí ‘un toigh nó d’aithin an prionnsa óg í agus thug leis a damhsa.
Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna go dtí gur dhubhairt an Camach go rabh an t-am aicí a dhul na bhaile. Dubhairt an prionnsa óg go mbéadh sé léithe agus d’imthigh an bheirt, ach nuair a tháinig siad fhad le teach a h-athara chuaidh an Camach I bhfolach agus ach oiread is dá slugadh an t-ear nó an talamh í ní rabh an darna amharc le feiceal aige uirthí. An tríomhach lá chuaidh an leas-mhathair agus an beirt nigheanach chuig an fhéasta agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí fhéin go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí ar an Cholman culaith eaduigh agus péire bróga a chaitheach anuas chuicí. Chaith an Cholman anuas cucaí culaith a bhí fighte fuaighte le órnáidhe agus bróga a rabh dath óir ortha.