School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Cead fáilte agus sláinte ramhat a Fionn Mac Cumhail”, deir Troighthe go leith. “Mo dhara agus mo dhorn”, deir Fionn, “ma théigeann, na ní rabh mé a cáinnte le donan ariamh cosamhail leat”. Smaoitigh Fionn go rabh sé sona droch chomhairleach. D’fhiafruigh troighthe go leith fhear ca rabh sé ag gabhail. D’innis sé do go rabh sé faoí gheasa ag an sean cailleach pisreogach dul fad leis an domhain thoir fa choinne ceann an tairbh buaidheara. “Níl fhios agam,” deir Fionn, “caidé tá le deánadh agam anios na níl long na bád le fághail annseo.
“Fan,” deir troighthe go leith fhear, “agus béidh mise leat.” Shiubhal troighthe go leith fhear thar an tráigh agus bhual sé buille trom chos ar chloch a bhí ann agus caith sé long úr amach as an cloich.
Bhí iomrádh seacht reug agus seoladh seacht gcéad uirthí. Chuir sé a guallain leis an long agus chaith sé amach ar an fhairrge í. Léim sé amach o’n tráigh seacht mumradh (n-iomairí) agus seacht nug agus chuaidh sé do léim isteach ins an long. Da mbéadh an long annsin ó shoin ní bheadh Fionn abalta dul isteach ann léim sé amách agus fuair sé greim coise agus barr boise agus chaith sé isteach ins an long é. Chuir siad suas a gcuid scoltaí agus shín siad leobhta go dtí í go rabh siad ins an domhain thoir ar oileán. Nuair a chuaidh siad isteach ar an oileán bhí sin faoi gheasa agus fuair siad ana uasaid go deo ann. Tháinig an oidhche águs(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Informant
- Seán a Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal