School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 167
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sagart ann aon uair amháin agus níl cuimhne agam anois ca fhad atá sé ó mhair sé. Rinne sé seanamair Domhnach amháin ar gabhail 'un na Flaitheas agus gur bealach cuan, corrach a bhí ann, agus gur bealach leathan fairsing a bhí a gabhail go h-Ifrinn.”
(continued from previous page)ach ballaí claraí. Bhí iongantas mór air cé bhí a’ sainnt leis or bhí fhios aige nach rabh duine ar bith astoigh ins an seomra ach é fhéin. D’fhosgail an sagart an doras agus d’fhiafruigh sé cé bhí a’ cómhrach leis or shíl sé nach rabh sé uilig ann. Dubhairt sé leis an sagart gur an bean sin a bhí ina seasad I gcoirneal an seomra. “Caidé dubhairt sí leat?” deir an sagart. “Seadh maise”, deir sé, “bhí sí a’ coimhead ormsa go gcur agus d’iarr mise uirthí suidhe anall agus cuid de seo a ithe ma bhí ocras oirthí. Ithe tú fhéin é,” ars sí, “níl tú as fheidhm béidh tú ag dinnear agam so amarach”. “Gabh isteach airis”, deir an sagart, “agus iarr uirthí mise a bheath leat”.
D’fhiafruigh seisean díthe annsin, “ Ca bhfuil tú do chomhnuidhe or bhfeidir nach mbéidh fhios againn ca rachaidh muid”.
“O,” ars sise”, cuirfidh mise mé fhéin teachtaire fa bhur gcoinne”. Nuair a d’innis sé sin don sagart dubhairt an sagart leis, “Gabh abhaile agus beannacht Dé leat”. Bhí an beirt marbh lathar-na-mharach.
Deireadh.- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20