Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 167
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sagart ann aon uair amháin agus níl cuimhne agam anois ca fhad atá sé ó mhair sé. Rinne sé seanamair Domhnach amháin ar gabhail 'un na Flaitheas agus gur bealach cuan, corrach a bhí ann, agus gur bealach leathan fairsing a bhí a gabhail go h-Ifrinn.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ach ballaí claraí. Bhí iongantas mór air cé bhí a’ sainnt leis or bhí fhios aige nach rabh duine ar bith astoigh ins an seomra ach é fhéin. D’fhosgail an sagart an doras agus d’fhiafruigh sé cé bhí a’ cómhrach leis or shíl sé nach rabh sé uilig ann. Dubhairt sé leis an sagart gur an bean sin a bhí ina seasad I gcoirneal an seomra. “Caidé dubhairt sí leat?” deir an sagart. “Seadh maise”, deir sé, “bhí sí a’ coimhead ormsa go gcur agus d’iarr mise uirthí suidhe anall agus cuid de seo a ithe ma bhí ocras oirthí. Ithe tú fhéin é,” ars sí, “níl tú as fheidhm béidh tú ag dinnear agam so amarach”. “Gabh isteach airis”, deir an sagart, “agus iarr uirthí mise a bheath leat”.
D’fhiafruigh seisean díthe annsin, “ Ca bhfuil tú do chomhnuidhe or bhfeidir nach mbéidh fhios againn ca rachaidh muid”.
“O,” ars sise”, cuirfidh mise mé fhéin teachtaire fa bhur gcoinne”. Nuair a d’innis sé sin don sagart dubhairt an sagart leis, “Gabh abhaile agus beannacht Dé leat”. Bhí an beirt marbh lathar-na-mharach.
Deireadh.- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20