School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 180
- XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhfeicfeadh sé é ag fághail dadaí le h-ithe.
D’iarr an gasúr uirthí suidhe chuir sé bearan suain ina cionn mar a rinne sé leis an chéad bhean agus thuit sí ina codhladh. Ní fhacaidh sí aon seort. Bhuail an tarbh adharc ar an chlaidhe agus tháinig tábla bréagh bidhe agus dighe díreach mar tháinig an chéad lá. Chuaidh an tríomhadh inghean amach annsin go bhfeicfeadh sí. Bhí trí súile aicí. Beirt i bhfos agus ceann amháin i gcúl a cinn.
Chuir sé bearan suain ina ceann agus thuit sí ina codhladh ach bhí an siúl a bhí ar cúl a cinn fosgailte. Nuair a bhí sí ina codhladh agus nuair a bhuail an tarbh adharc ar an chliadh agus nuair a tháinig an tábla amach chonnaic sí sin leis an t-siúl a bhí fosgailte.
Nuair a chuaidh sise abhaile annsin d’innis sí caidé mar bhí(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Ghallchobhair
- Gender
- Male