Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 180
- XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bhfeicfeadh sé é ag fághail dadaí le h-ithe.
D’iarr an gasúr uirthí suidhe chuir sé bearan suain ina cionn mar a rinne sé leis an chéad bhean agus thuit sí ina codhladh. Ní fhacaidh sí aon seort. Bhuail an tarbh adharc ar an chlaidhe agus tháinig tábla bréagh bidhe agus dighe díreach mar tháinig an chéad lá. Chuaidh an tríomhadh inghean amach annsin go bhfeicfeadh sí. Bhí trí súile aicí. Beirt i bhfos agus ceann amháin i gcúl a cinn.
Chuir sé bearan suain ina ceann agus thuit sí ina codhladh ach bhí an siúl a bhí ar cúl a cinn fosgailte. Nuair a bhí sí ina codhladh agus nuair a bhuail an tarbh adharc ar an chliadh agus nuair a tháinig an tábla amach chonnaic sí sin leis an t-siúl a bhí fosgailte.
Nuair a chuaidh sise abhaile annsin d’innis sí caidé mar bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann