School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 188
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne 7 de clainn Mac Fionnlaigh a b'eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige.”
(continued from previous page)dtí na dhá easgaill ar an doras. D’iarr sé gallún biotailte ar P.O B. Sín sé punta do P. nuair a fuair sé an biotailte. Thug P. a chuid briseadh airis dó. Thionntuigh sé soitheach a’ gallún air fhéin agus d’ól sé é. D’imthigh sé fhéin agus a bata leobhtha an bealach mór. [Casadh fear uasal dó ar an bealach mór.]
D’fhiafruigh sé do ca rabh sé ag gabhail. D’innis sé do go rabh sé ar shiubhal a’ cuartughadh acht a bhfuigheadh sé a chuid le saothrughadh agus nach rabh sé a’ iarraigh airgead ar bith ach a chuid fhághail. Rinne sé fhéin agus an fear uasal margadh é a chaingilt go ceann bliadhan. Cuireadh a suipear annsoir agus ní rabh cíon a sáith ann ach leagu sgriob seisean an coraigh. Bhí na ingheanacha ar an daoraidh leis an t-athair é a tabhairt fá’n agus teach ar chor ar bith. Cuirfeadh síos coraigh mór a bhí aca fa coinne cuid an callaigh a dheánadh réidh agus rinneadh lán brachain. Fagadh lán toban blaithe aige annsin agus an coraigh(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20