School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 187
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne 7 de clainn Mac Fionnlaigh a b'eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige.”
(continued from previous page)a trí mac agus barra da láimh leobhtha agus thug siad an croch iarrain ‘un toighe. Bheir sé ar an croch iarrain agus thosaigh sé a bualadh ar a dhá glúin go dtí gur bhuail sé dho cionn an croch iarrain ar an talamh. Thionntuigh sé an croch iarrain annsin agus d’éirigh sé é go dtí go rabh sé comh direach is bhí sé an chead uair.
“Dheánfhaidh sé seo gnaithe damh”, deir sé. “Bail”, deir sé, “anois tugaigidh damh rud eighinteacht a iomparas an bealach mé”.
Teaghlach bocht a bhí innta agus ní rabh móran airgid ag an athair ach thug sé dhá punta dó. D’imthigh sé leis ‘un na bhealuigh annsin é fhéin agus a bhata leis. Nuair a bhí sé a’ gabhail thart ag an droicead úr ag toigh P.O Baoghaill bhí teach osta ag P.O B. smaoitigh sé go rabh sé sona ag duine deach a bheith aige nuair a bheadh sé ag imteacht ‘un na bealaigh.
Sheas sé amuigh ar an bealach mór agus chuir sé a cheann isteach go(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus A Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20