School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 207
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí Ríogh ins na Frainnce am amháin. An chead mac a bhí aige tháinig fathach as an domhain thoir agus sgiob sé leis amach as an cliabhain é nuair a bhí sé bliadhan d'aois.

    (continued from previous page)
    agus thug sé leis Goll suas giota. Rinne Goll an cleas ceadna agus thug sé anuas airis é.
    Bhí siad mar sin go cionn tamall maith agus ins an deireadh tharraing Goll an sgiathain amach on corp agus thuit sé ina cnaip ar an urláir.
    Maith thú deir Fionn níor chaill tú do ghreim iriamh. Shíl siad go rabh an buille bainnte aca annsin. Chuir sé síos an dara láimh annsin agus bheir sé ar an leanbh agus ar an láimh a tharraing siad de agus bhí an beirt leobhtha sul a bhfuair siad faill greim fhághail air. Dubhairt Fionn Mac Cumhail le Ríogh na Frainnce go dtearn sé neamart agus faillighe.
    Dubhairt Ríogh na Frainnce go dtearn siad obair mór agus go gcaithfheadh sé nach rabh neart air. Bhí an trí mac da chuid ar shiubhal. “Bhail”, ars Fionn leis, “tá sé ar shiubhal ach níl sé ar shiubhal go foill or leanfhaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus A Ghallchobhair
    Gender
    Male