School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an rud a chonnaic mac na baintreabhuighe ag deánamh imnighe dó, agus bhí fhios aige nach bhfuigheadh sé suaimhneas intinne a choidhche go dtí go leigfeadh sé a rún le neach éigin.
Bhí sé ag cailleadh codhladh na h-oidhche dá thairbhe, agus aon lá amhain casadh fear beag ribeach ruagh air.
"Tá buadhartha do intinn ort," ar seisean, "agus ní bhfuigh tú biseach go dtí go n-innseochaidh tú é."
"B[h]al, sin rud nach bhfuil cead agam-sa innse do dhuine ar bith," arsa mac na baintreabhuighe.
"Sin thíos crann," arsa seisean, "agus gabh fhad leis agus deán do ghearan leis."
Ní rabh an crann i bhfad ar siubhal agus rinne mac na baintreabhuighe mar h-iarraidh air. Shiubhail sé go bun an chruinn agus thoisigh sé ag cogarnaigh leis.
"Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc,
Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc."
Nuair a fuair sé an lód sin de na intinn phill sé na bhaile bréagh sasta leis fhéin.
Chuaidh achan rud ar aghaidh go maith go dtí go dteachaidh muintear na h-aite a chuairteadh adhbhar fidile.
Tháinig siad fhad leis an chrann seo agus(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Aodh Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal