Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 87

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 87

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 87
  3. XML “Dhá Chluais Chapaill ar Luibhir Ó Luirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an rud a chonnaic mac na baintreabhuighe ag deánamh imnighe dó, agus bhí fhios aige nach bhfuigheadh sé suaimhneas intinne a choidhche go dtí go leigfeadh sé a rún le neach éigin.
    Bhí sé ag cailleadh codhladh na h-oidhche dá thairbhe, agus aon lá amhain casadh fear beag ribeach ruagh air.
    "Tá buadhartha do intinn ort," ar seisean, "agus ní bhfuigh tú biseach go dtí go n-innseochaidh tú é."
    "B[h]al, sin rud nach bhfuil cead agam-sa innse do dhuine ar bith," arsa mac na baintreabhuighe.
    "Sin thíos crann," arsa seisean, "agus gabh fhad leis agus deán do ghearan leis."
    Ní rabh an crann i bhfad ar siubhal agus rinne mac na baintreabhuighe mar h-iarraidh air. Shiubhail sé go bun an chruinn agus thoisigh sé ag cogarnaigh leis.
    "Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc,
    Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc."
    Nuair a fuair sé an lód sin de na intinn phill sé na bhaile bréagh sasta leis fhéin.
    Chuaidh achan rud ar aghaidh go maith go dtí go dteachaidh muintear na h-aite a chuairteadh adhbhar fidile.
    Tháinig siad fhad leis an chrann seo agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall