School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Shamhna a bhí ann, an rud a b’anamh liom fhéin níor fhág mé an teach an oidhche seo. I drath leath-am luighe, dar liom go mbeadh ruaig thart fá’n chladach agam a bhainfeadh an codladh as me shúile.
Bhí oidhche dheas chiúin gealaigh ann, agus é leath bealaigh a bheith tuitim síos le tráigh. Ní rabh a dhath le cluinstin acht madaidh na bróghád a’ tafann agus na crotaigh a’ sereadach go géibheannach ‘sa deán. Bhog liom síos Port a Curraigh agus cuarfá ceól thuas agam. Níor b’fhada go gcuala mé ceól a ba binne i bhfad na mo chuid cheol fhéin.
Chuir mé cluas le h-éisteacht agus daithin mé gur ceól Píob a bhí ann, acht ní rabh Sul agam a dheánamh amach cé’n áit a rabh an Píobaire a’ seinm. Fa deireadh dar liom gur ar óileán Muirthinigh a bhí an ceól. Bhog mé liom go h-aigeanntach amach an tráig a’ tarraingt ar an oileán.
Nuair a chuaidh mé go bun an Rósa bhí an t-oileán dubh le daoine, agus chan cionn’s mé fhéin a rádh saoileadh cuid mhór damhsa nuair a chuaidh mé in a measg. Shíl mé go geraithfeadh siad na sciatháir amach as na guailneacha agam.
Ní rabh mé i bhfad in a measg gur chuir siad ceileabhar cuididh orm. Ar ndóighe thoiligh mé fhéin cuideadh ar bith a rabh díobhail ortha a tabhairt dacbhtha(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal