School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 90

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 90

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 90
  3. XML “Nuair a d'Fhuadaigh Seán Bán an Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt siad go rabh cailín i gConnachta ab mhaith leo a bheith aca agus go gcaitfeadh duine saoghabta a bheith sa t-siubhal le h-iad buaidh a fhághail ar an obair. Dubhairt mé fhéin go rachfainn agus míle fáilte, sa bomaite gléasadh carrannaí, agus coistí agus shín linn.
    Nuair a chuadhamar go bun an Rósa bhí an cartín ag gabhail amach a bleaghan an eallaigh. Bhuail fear aca buille de’n a bhearrad urthaí agus bhí sí leis.
    Nuair a b’fhada leis an t-sean phéire a bhí an cailín óg gan teacht isteach, amach leo ar a lorg agus caidé fuair siad acht í na luighe marbh ‘sa bhoitheach
    Sgread siad ar na comharsanaigh. Líon an teach isteach. Rinneadh a’ fáiré agus a’ thórramh agus cuireadh í. Acht is ar a tharraing mé an sgéal ar philleadh arís na bhaile dúinn go h-Oileán Muirthinigh thoisigh an damsa is an ceól arís. Bhuail truagh mé fhéin do’n óig-mnaoi agus dar liom go bhféachfainn le na bréagadh uatha. Tóg mé a dhamhsadh í, agus nuair a bhí mé ag dul thart an t-urlár, ghearr mé an chroich chéasta. Sa bhomaite bhánuigh an t-iomlán ar shiubhal acht mé fhéin as í fhéin.
    Nuair a bhí an fear deireannach aca ag imteacht, bhuail sé smitin de chúl a’ bhoise uirthí agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal