Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt siad go rabh cailín i gConnachta ab mhaith leo a bheith aca agus go gcaitfeadh duine saoghabta a bheith sa t-siubhal le h-iad buaidh a fhághail ar an obair. Dubhairt mé fhéin go rachfainn agus míle fáilte, sa bomaite gléasadh carrannaí, agus coistí agus shín linn.
Nuair a chuadhamar go bun an Rósa bhí an cartín ag gabhail amach a bleaghan an eallaigh. Bhuail fear aca buille de’n a bhearrad urthaí agus bhí sí leis.
Nuair a b’fhada leis an t-sean phéire a bhí an cailín óg gan teacht isteach, amach leo ar a lorg agus caidé fuair siad acht í na luighe marbh ‘sa bhoitheach
Sgread siad ar na comharsanaigh. Líon an teach isteach. Rinneadh a’ fáiré agus a’ thórramh agus cuireadh í. Acht is ar a tharraing mé an sgéal ar philleadh arís na bhaile dúinn go h-Oileán Muirthinigh thoisigh an damsa is an ceól arís. Bhuail truagh mé fhéin do’n óig-mnaoi agus dar liom go bhféachfainn le na bréagadh uatha. Tóg mé a dhamhsadh í, agus nuair a bhí mé ag dul thart an t-urlár, ghearr mé an chroich chéasta. Sa bhomaite bhánuigh an t-iomlán ar shiubhal acht mé fhéin as í fhéin.
Nuair a bhí an fear deireannach aca ag imteacht, bhuail sé smitin de chúl a’ bhoise uirthí agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall