School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 115](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_115.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 115
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 115
- XML “Scéaltaí fá Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad mór le na chéile arais.
Bhí fear saidhbhir ann aon uair amháin, agus bhí trí mac aige. Ní thabharfadh an fear rud ar bith do na bacaigh. Lá amháin chuaidh an triúr mac go dtí an choill le crainn a ghearradh agus thug siad a gcuid bidh leo.
Nuair a bhí siad ag dul trasna na droichid a bhí comhgarach don choill casadh bacach ortha. D’iarr sé ortha arán a thabhairt dó, acht dubhairt an bheirt is sinne de na mic go rabh sé beag go leór aca fhéin. Thug an mac a b’óige arán dó.
Nuair a bhí siad ag gearradh na gcrann thiocfadh leis an buachaill is óige sé (ceann) cinn a ghearradh nuair a bhéadh na buachaillí eile ag gearradh ceann amháin. Fosta nuair a bhí siad ag teacht abhaile chuaidh an bheirt is sinne ar seachrán acht bhain an buachaill óg an bhaile amach, sabhailte slán.
Fad ó shoin bhiodh fir ag dul thart, agus gheobhadh siad iasacht toighe fa choinne oidhche amháin, agus bhíodh damhsa aca ins an teach sin, agus bhíodh ag gach duine le pighinn a dhíol le fághail isteach. Bhí bacach ag dul thart agus ba mhaith leis dul go dtí an damhsa acht ní rabh pighinn ar bith aige. Chuaidh sé go dtí an teach cibé. Leigeadh isteach é, acht nuair a bhí sé istigh d’iarr fear an toighe air suidhe síos agus cuir sé ag breith uibheacha é. Agus gach uibh a bheireadh an bacach, d’iosfadh fear an toighe iad.- Collector
- Seán Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Address
- Largy, Co. Donegal
- Informant
- Conall Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Largy, Co. Donegal