School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 86
- XML “Iníon an Ghobáin tSaoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Inghean an Goban Tsaoir.
Bhí fear i n- Éirinn uair amháin, agus an t-ainm a bhí air an Goban Saor. Bhí naonbhar mac aige, agus bhí comhursa aige, agus bhí naonbhar inghean aige-san, agus gan mac ar bith.
Lá amháin dubhairt an Goban Saor le na bhean dá mbéadh duine eile clainne aca, ma’s inghean a bhéadh ann go mairbhfeadh seisean í, agus dubhairt an fear eile da mbéadh mac ar bith eile aca go mairbhfeadh seisean é.
Bhí duine eile ag an ghobán, agus inghean a bhí ann agus rinne bean an Ghobain malairt leis an bhean eile, agus annsin shíl an Goban gur a mhac fhéin a bhí ann. Shíl an fear eile gur a ingean fhéin a bhí ann.
D’fhás siad uilig suas go dtí sa deireadh nach rabh inghean ar bith fágtha; bhí siad uilig pósta. Lá amháin dubhairt an gobán le na mhac go gcaithfeadh sé pósadh; nach rabh an mháthair in-innibh an obair a dhéanamh, agus dubhairt an mac nach an uile bhean a shásachadh eisean
D’iarr an t-athair air molt a mharbha agus an croiceann a thabhairt leis ‘un aonaigh, agus cíbé ’n bhean a bhéarfadh an t-airgead agus an craiceann do arais gur sin an bhean a gcaithfeadh sé posadh Bhí sé gabhail fhad leis an uile aonach(continues on next page)- Collector
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brian Ó hEaghartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Bogach, Co. Donegal