School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 134
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear in a chomhnuidhe shuas ag Inbhear fad ó. Seán Mac Gearbhaidh a b'ainm do.

    (continued from previous page)
    bhí an bheirt aca ag deánamh margadh. Thug Seán trí púnta agus a chulaith dhomhnaigh ar na Piobaí. Seas an bheirt aca i gcúl an doras nuair a bhí siad ag deanamh an margadh, seán ar toisigh agus an piobaire ar cúl. Fuair an piobaire agus Seán greim ar na piobaí agus toisigh an Piobaire ag seinm ortha. Leig an Piobaire air go rabh Seán abalta seinm ortha. D’imthigh an bheirt aca agus bhí Seán sásta, no shíl sé go rabh sé abalta seinm ar na piobaí.
    Chuaidh Seán amach bealach an Omaigh agus tháinig an piobaire an bealach seo. Seachtmhain na dhiaidh sin chuaidh an sgéal amach go rabh Seán Mac Gearbhaidh marbh. Cualaidh a bhean an sgéal, agus chuaidh sí go dtí an áit ar chualaidh sí go rabh sé ann. Shil sí gur Seán a bhí ann nuair a chonnaic sí é. Thug siad abhaile é agus bhí faire aca oidhche amháin, agus cuireadh é annsin. Coicthighis ón lá sin rinneadh cleamhnas dó bhean Sheáin agus buachall óg. Cúpla lá na dhiaidh sin pósadh iad.
    Bhí airgead Sheáin ráitte agus b’éigin do a theacht na bhaile. Oidhche Shatharn a bhí ann, agus táinig sé ar a bheathach bheag ar an dó a chlog sa’n oidhche. Bhuail sé ag an doras agus sgairt sé ar a bhean é a leigint isteach. Síl a bhean gur taidhbhse Sheáin a bhí ann. Agus arsa sise, “ní thiocfaidh tú isteach, no chur muid thú comh dóigheamhail agus níl rud ar bith againn in d’aghaidh. Ní rabh gar ann ní leigfeadh sí Seán isteach.
    Chuaidh sé fhad le tailluír a bhí in a chomhnuidhe ar ghiota de’n talamh le fiche bliadhain. Sgairt sé ag (fu) an fhiunneóig, agus d’iarr sé ortha é a leigint isteach. Arsa bean an tailluíra, “sin é Seán labhair leis”. Dubhairt Seán gurab é a bhí ann. Dubhairt an tailliuír go rabh an bheirt aca na gcomarsannaí maithe, agus nach dearn sé rud ar bith ariamh ach seacht stuice choirce a ghoid sé uaidh, agus dubhairt sé go ndíolfadh sé a bhean, ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70