School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 149
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí rí agud báinrioghain ann aon uair amháin, agus bhí mac beag acú.”
(continued from previous page)i fághail, ach nuair a bhí sé cromtha leigh an máthair olár an cópra síos air agus ghearr sí an ceann de’n gasúr. Nuair a chonnaic sí caidé rinne sí fuair sí giota éadaigh, agus cheanngal sí an ceann de’n corp aráis.
Ní rabh fhios ag an cailín caidé’n fáth nach rabh an gasúr ag pilleadh, agus chuaidh sí suas ‘na seomra go bhfeiceadh sí. Chonnaic sí é na shuidhe ar chathaoir, agus bréidin thart ar a mhuinéal. Ní rabh fhios aicí caide tharla. D’fiafruigh sí do caidé tháinig air agus caidé’n fáth nach labharfadh sé, ach níor labhair an gasúr.
Rith sí go dtí a mathair agus d’innis díthe labhair sí leis an gasúr, ach nach labhairfadh sé léithe. D’iarr an máthair uirthí buille a bualadh air. Rinne sise mar h-iarradh uirthí, ach mó leán thuit an ceann de.
Nuair a connaic sí seo síl sí gur mharbh sí an gasúr, agus toisigh sí ag caoineadh. Nuair a chualadh an máthair í ag caoineadh rith sí cuicí, agus d’fhiafruigh dithe caidé bhí uirthí. D’innis an ingeann díthe caidé tharla.
Leig an báinrioghain uirthí nach dtearn sí dhadaidh, agus toisigh sí ag cainnt ar caidé déanfadh siad nuair a thiocfadh an rí abhaile. Sa deireadh smaointigh sé é achuir na shuidhe sa phairc ag na ba. D’fhág siad amuigh é.
Nuair a tháinig an rí abhaile d’fiafruigh fa(continues on next page)- Collector
- Bhera Ní Ceallachain
- Gender
- Female
- Address
- Fintragh, Co. Donegal
- Informant
- Diarmuid O Ceallachain
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Fintragh, Co. Donegal