School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 152
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí sí iongantach dóigheamhail ar fad. Bhí gruag catach mín uirthi.

    (continued from previous page)
    a tháinig an tráthnóna thug dream an cailín síos ‘na cladaigh, agus chuaidh amach gur fhág siad amuigh ar an oileán a bhí cupla míle o’n talamh ! D’innis siad bíthe go mbeadh aicí le fanacht annsin go mbéadh an troid thart. Sé an fát gur fhág siad amuigh ar an oileán í, na go rabh eagla ortha go mbainfeadh an buachaill a bhí i ngrádh, agus annsin da mbainfeadh sé ní bhéadh sí le fághail aige.
    Throid siad an oidhche sin, agus bhain an dream a d’fhág an cailín amuigh ar an oileán. Comh luath agus bhí an troid thart d’imthigh siad amach leis an cailín ‘fhágail, ach faraoir nuair a tháinig siad isteach ar an oileán ní rabh an cailín le fághail in áit ar bith.
    Phill siad abhaile go brónach cionnas nach rabh an cailín leo. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go cionn tamaill. Cupla mí ina dhiaidh sin chuaidh bad as an áit go Connachta le h-iasgaireacht a dheánamh. Nuair a bhí an t-iasgaireacht thart bhí siad ag ól, agus chuaidh fear amháin ar misce. D’imthigh an chuid eile de’n fhuireann abhaile agus d’fhág siad san áit é.
    Buail sé suas le fir eile agus toisigh siad ag imirt cardaí. Bhain sé morán airgid, agus bhí sé ina chruach ar an tabla ag na taobh. Dubhairt sé go rabh aige le dul amach, agus d’fiafruigh na fir eile do an dtiocfadh sé arais, agus dubhairt sé go dtiocfadh agus d’fág sé a hata agus a chuid airgid ar an tabla.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Conall O Ceallacháin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Fintragh, Co. Donegal